Seanchas Mháire Chonnachta atá aige a fuair sé i dteach a sheanathar oíche airneáin amháin. Tháinig sí as Connachta i 1855 agus chónaí sí ar an Chruit. Phós sí Antoin Mhánuis agus bhí teaghlach acu ach níl móran eolais aige fufu. Thóg siad teach ar thalamh a bhí ina choimín san am, ní le duine ar bith é. Thosaigh achrann idir Mháire agus an Sagart Rua, bhí acra Mháire san áit a raibh an sagart ag iarraidh tús a chur leis an reilig ach ní raibh sí sásta an talamh a thabhairt dó. Chuaigh an sagart chuig an tiarna agus fuair sé an teideal ar an talamh, thóg sé an teach an phobail agus an reilig ann. Thit sí féin agus an sagart amach lena chéile. Bean léannta a bhí inti agus ba file í fosta. Is iomaí uair a bhíodh sí i Rann na Feirste leis na Dálaigh, Séamus, Aodh agus Peadar. Dhá phíosa filíochta a rá ag Donnchadh a chum Aodh agus Maire oíche amháin i dtigh Aodha.
Bhí Máire maith ag luibheanna agus leighis, is iomaí duine a bhíodh ag dul chuici. Ní théadh sí chun an Aifrinn ach oiread nuair a thit sí amach leis an Eaglais. Fuair sí saol crua. Tá Máire curtha ina cuid talaimh féin in reilig na Cruite in Acra Mháire, sin an t-ainm a thugadh na seandaoine ar an reilig. Bhí eagla ar na daoine duine ar bith a chur ina cuid talaimh nuair a bhí Máire beo nó chuireadh sí mallachtaí orthu. Ní raibh an sagart ábalta duine ar bith eile a fháil agus mholl sé £5 a thabhairt don chéad duine a chuireadh corp san reilig. Scéal faoin chéad fhear a cuireadh ann. Tá leabhair scríofa ag Brianaí Byrne as Loch an Iúir futhi, Strumpet of Clanree. | 00:13:49 | |